Cobra
mion|Cobra Indiach; ball den speiceas a dtugtar ''Naja naja'' air. Tá a "chochall" leata aige. Ainm a thugtar ar roinnt nathracha nimhiúla, dúchasach do dheisceart na hÁise is an Afraic is ea cobra. Tugtar cobra ar a lán speiceas, an chuid is mó díobh sa ghéineas ''Naja'' san fhine Elapidae. Faightear iad san Afraic agus i ndeisceart na hÁise. Is é “cobra” an focal sa Phortaingéilis ar nathair.Is féidir leis an gcobra na filltí scaoilte craicinn ar a mhuineál leathadh amach mar chochall nuair a scanraítear é. An nimh, a ionsaíonn an córas néarógach, níos nimhiúla ná nathracha eile. Áitríonn sé foraoisí de ghnáth, ach tír oscailte freisin. Is féidir le cobra seileog nimhe a stealladh chomh fada le 3 m isteach i súile ainmhí bhagraigh, rud a fhéadfaidh é a dhalladh go buan. Is é an ríchobra an nathair nimhe is mó dá bhfuil ann. Cobra a bhíonn ag an mealltóir nathrach Indiach.
Ní grúpa tacsanomaíochta iad. I measc na speiceas a dtugtar “cobra” orthu, tá: * Naja atra — cobra seileogach Síneach * Naja kaouthia — cobra spéaclach * Naja naja — cobra Indiach * Naja oxiana — cobra Lár-Áiseach * Naja philippinensis — cobra seileogach na bhFilipíneach Thuaidh * Naja sagittifera — cobra Andaman * Naja samarensis — cobra seileogach na bhFilipíneach Thoir Theas * Naja siamensis — cobra seileogach Ind-Síneach * Naja sputatrix — cobra seileogach na hIndinéise Theas * Naja sumatrana — cobra seileogach órga * Hydrodynastes gigas — cobra bréige * Ophiophagus hannah — rí-chobra Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1de réir Cobra
Foilsithe / Cruthaithe 1961Gairmuimhir: [mehrbändig! Sign. s. bei den Bänden]LEABHAR -
2