Théophile Gautier
File, úrscéalaí agus léirmheastóir ealaíne ab ea Théophile Gautier. Rugadh é i dTarbes, baile atá suite in iardheisceart na Fraince, ar 30 Lúnasa 1811 agus fuair sé bás i Neuilly-sur-Seine, gar do Pháras, ar 23 Dheireadh Fómhair 1872.Cé gur i dTarbes a rugadh é, is i bPáras a chaith Théophile Gautier formhór a shaoil agus meastar gur scríbhneoir Párasach ab ea é.
Chuir Gautier aithne ar Ghérard Labrunie, fear a bhainfeadh clú agus cáil amach níos déanaí fén ainm Gérard de Nerval, nuair a bhíodar beirt ina ngarsún scoile. Théidís ar an scoil chéanna, an lycée Charlemagne.
Scríbhneoir bisiúil ab ea Gautier: Fara úrscéalta ar nós ''Mademoiselle de Maupin'' (1835), ''Le Roman de la momie'' (1858) nó ''Le Capitaine Fracasse'' (1863). Scríobh sé cnuasaigh filíochta - is é ''Émaux et camées'' (1852) an cnuasach filíochta is cáiliúla dá chuid -, breis is deich ngearrscéalta is fichead, agus neart léirmheasanna ar an ealaíon agus ar an gceol leis. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13
-
14
-
15
-
16