Gustav Mahler
mion|Síniú Cumadóir ceoil a rugadh in Kaliště na Seice (an Bhóihéim in impireacht na hOstaire ag an am) ab ea Gustav Mahler (7 Iúil 1860 – 18 Bealtaine 1911). Ina shaothar tá cuid mhaith amhrán, 9 siansa mórscála, agus siansa neamhchríochnaithe amháin. An t-amhrán is cáiliúla uaidh is ea ''Das Lied von der Erde'' (Amhrán an Domhain, 1908–1909).Nasc ab ea Mahler idir traidisiún Ostra-Ghearmánach an 19ú haois agus nua-aoiseachas an luath 20ú haois. Cé gur aithníodh a stádas mar stiúrthóir agus é beo fós, ní raibh tóir leanúnach ar a chuid saothar agus le linn an Dara Cogadh Domhanda cuireadh cosc air sna tíortha a bhí faoi smacht na Naitsíoch. I ndiaidh 1945 chuir glúin nua d'éisteoirí fáilte roimh a chuid ceoil, agus bhí sé ar na cumadóirí ba mhó a shaothar seinnte agus taifeadta. Fanann an stádas sin aige go dtí an lá atá inniu ann.
Rugadh isteach i dteaghlach Giúdach a raibh an Ghearmáinis acu. Ba léir a thallann cheoil agus é an-óg. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4