Ba phéintéirPléimeannach sa stíl Bharócach é Peter Paul Rubens, a rugadh sa bhliain 1577. Tháinig sé chun saoil i Siegen na Gearmáine, ach d'aistrigh an teaghlach go Cologne an bhliain dár gcionn. Cailleadh a athair sa bhliain 1587 agus sa bhliain 1589 bhog Rubens agus a mháthair go hAntuairp. Chuaigh an buachaill leis an ealaíon in Antuairp. Chaith sé tréimhse san Iodáil ó 1600 go 1608 agus chuaigh péintéirí na hIodáile go mór i bhfeidhm air. D'fhill sé ar Antuairp sa bhliain 1609. Ó 1621 go 1630 bhí sé ag obair mar phéintéir agus mar thaidhleoir i dtíortha éagsúla. Sa bhliain 1640 a cailleadh é.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Rubens, Peter Paul', am iarratais: 0.01s
Beachtaigh na torthaí