Rudolf Thurneysen
Ba theangeolaí Eilvéiseach agus scoláire i réimse an Léinn Cheiltigh freisin é Eduard Rudolf Thurneysen (14 Márta 1857 – 9 Lúnasa 1940).Saolaíodh é i mBasel san Eilvéis agus rinne Thurneysen staidéar ar an bhfocleolaíocht chlasaiceach i mBasel, i Leipzig, i mBeirlín, agus i bPáras. I measc a chuid múinteoirí bhí Ernst Windisch agus Heinrich Zimmer. Bronnadh ''promotion'' (ionann is dochtúireacht) air sa bhliain 1879 agus bronnadh ''habilitation'' (céim níos airde ná dochtúireacht) sa Laidin agus sna teangacha Ceilteacha air i 1882 ag Ollscoil Jena.
Theagasc sé Laidin ag Ollscoil Jena ó 1885 go dtí 1887. Ina dhiaidh sin, ghlac sé le hOllúnacht na focleolaíochta comparáidí ag Ollscoil Fhreiburg-im-Breisgau mar chomharba ar Karl Brugmann, saineolaí mórchlúiteach ar an teangeolaíocht Ind-Eorpach.
Foilsíodh a mhórshaothar ''Handbuch des Alt-Irischen'' sa bhliain 1909. D’fhorleathnaigh agus d’aistrigh D. A. Binchy agus Osborn Bergin go Béarla é leis an teideal ''A Grammar of Old Irish''. Tá an leabhar i gcló go fóill chomh deireanach le 2006. Bhog Thurneysen go dtí Ollscoil Bhonn i 1930. Is sa tréimhse seo a bhí cáil air mar an saineolaí Shean-Ghaeilge ab fhearr ina ré.
D’éirigh sé as a phost sa bhliain 1923 agus fuair sé bás i mBonn in 1940. Tugtar Léacht Cuhimhneacháin Rudolf Thurnseysen (Gearmáinis: ''Vortrag in Memoriam Rudolf Thurneysen'') i mBonn mar chomhartha na hurraime dó. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1Foilsithe / Cruthaithe 1987Rannpháirtithe: “…Thurneysen, Rudolf…”
Gairmuimhir: R 12LEABHAR -
2Foilsithe / Cruthaithe 1984Rannpháirtithe: “…Thurneysen, Rudolf…”
Gairmuimhir: R 12LEABHAR